Skip to main content

Tuarascáil Bhliantúil 2011

Friday, 02 December 2011

D’oibrigh an tÚdarás le linn 2011, chun scoth na heolaíochta a chinntiú agus é sin a dhéanamh i spiorad neamhspleáchais, oscailteachta agus trédhearcachta.

Ní raibh an obair a dhéanann Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann mar an ghníomhaireacht náisiúnta um
rialú bia riamh chomh tábhachtach is atá sa lá atá inniu ann. Tá ról sainiúil aige ionas go dtabharfar tús áite do leas tomhaltóirí, agus ionas go gcoinneofar muinín tomhaltóirí i sábháilteacht an bhia a tháirgtear agus a
chuirtear ar an margadh in Éirinn. Is é príomhsprioc an Údaráis sláinte daoine a chosaint maidir le bia. Ag an am céanna, aithnímid an tábhacht atá leis na hearnálacha agrai-bhia agus fáilteachais do gheilleagar
na hÉireann agus an gá atá ann maoirseacht iontaofa agus neamhspleách a dhéanamh ar an slabhra bia.


Report cover