Skip to main content

Tuarascáil Bhliantúil 2023

Friday, 18 October 2024

I 2023 comóradh 25 bliana ó bunaíodh an tÚdarás, rud a thug deis mhaith chun breathnú siar ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar an gcóras rialaithe bia.

Leagtar béim i dtuarascáil bhliantúil na bliana seo ar obair fhairsing agus ar éachtaí ÚSBÉ i dtimpeallacht sheachtrach atá ag éirí níos dúshlánaí. I measc na ndúshlán seachtrach a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht bia tá: an fhéidearthacht go gcuirfí isteach ar sholáthar bia mar gheall ar chorraíl pholaitiúil sa Mheánoirthear agus an cogadh san Úcráin, éagsúlacht rialála mar thoradh ar Brexit, an fócas criticiúil ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus a iarmhairtí neamhbheartaithe ar shábháilteacht bia agus tábhacht mhéadaitheach na sláinte agus na folláine sa tsochaí.


Leathanach clúdaigh na tuarascála

Categories

Corporate |